Sprioc-am: Dé hAoine, an 3 Deireadh Fómhair ar meán lae. Tabhair faoi deara: Comhairlímid duit d’iarratas a chur faoinár mbráid dhá lá roimh an sprioc-am.
Tar éis an aiseolais ó phróiseas na bliana seo caite, tá roinnt áirithe athruithe suntasacha curtha i bhfeidhm againn.
Tá simpliú síos go dtí trí cinn déanta againn ar na hearnálacha:
• Eagraíochtaí agus Daoine Aonair Atá Gairmiúil/Amaitéarach
• Líonrú na nEalaíon Tuaithe
• Agus Drámadóir & Léiritheoir / Scríbhneoir Scripte Scannáin & Léiritheoir
Tá córas mionsonraithe trédhearcach marcála snaidhmithe againn (tá tú in ann na marcanna a fheiceáil i leith na réimsí ar leith a ndéanfar breithniú ort dá réir).
Tá ‘Naisc’ á spreagadh againn ach thairis sin tá ráta Mb níos airde againn i dtaca le hábhair uaslódáilte amhail Bróisiúir, Pleananna Sábháilteachta srl.
Comhairlímid gurb é an deontas is airde ar a bhféadann tú iarratas a dhéanamh ná €7,500 (a bheadh de ghnáth, ach ní go heisiach, d’eagraíocht ghairmiúil ealaíon nó do chomhoibriú de ghrúpaí gairmiúla nó d’ealaíontóirí gairmiúla).
Tá súil ag Comhairle Phort Láirge go n-éascófar obair na n-iarratasóirí tríd an gcóras feabhsaithe nua seo agus go gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht agus trédhearcacht na hoibríochta dá bharr.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go gceanglófar ar dhaoine, a mbeidh iarratais á ndéanamh acu ar dheontais, a bheith ina mbaill chláraithe de ‘Artlinks’. Féadfar é seo a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le Margaret Organ (morgan@waterfordcouncil.ie), agus ‘Artlinks’ a bheith i mbosca ábhair an ríomhphoist.
Caithfidh na hiarratasóirí na Treoirlínte ar Dheontais na nEalaíon 2021 agus Straitéis Phort Láirge na nEalaíon 2016-2021 a léamh sula ndéanfar iarratas.
Cliceáil anseo chun teacht ar phróiseas an iarratais.
Fógrófar na hiarratais ar Dheontais i dtaca le hIonaid na nEalaíon gan mhoill freisin.
Deontais Cgleachtais Ealaíon Phort Láirge 2023
Foirm Iarratais ar Shaindeontas Ealaíon 2023