TREOIRLÍNTE DO DHEONTAIS EALAÍON PHORT LÁIRGE 2016

Tóg an t-am chun na treoirlínte thíos a léamh sula gcuireann tú isteach ar dheontas. Tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge tacaíocht airgeadais a thabhairt d’ealaíontóirí, do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí ealaíon. Tabharfar tús áite do thionscadail a fheidhmíonn de réir pholasaí agus aidhmeanna ealaíon sonraithe an údaráis áitiúil. Sé an eochairchuspóir ná eispéiris ealaíon d’ardchaighdeán a chur ar fáil, ag úsáid tallann agus seirbhísí áitiúla agus ag tabhairt tacaíochta d’ealaíontóirí ina gcuid oibre.

Critéir d’Iarratas ar Dheontas

Tá deontas i gcabhair ar fáil i gcomhair ealaíontóirí, ghrúpaí agus eagraíochtaí ealaíon atá lonnaithe laistigh de limistéir riaracháin Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, agus dóibh siúd amháin. Caithfidh léiriú poiblí éigint a bheith ag an tionscadal laistigh de Phort Láirge.

Sainítear grúpa nó eagraíocht ealaíon mar eagras a bhfuil an phríomh ghníomhaíocht aige bunaithe ar na healaíona. Maidir le Féilte/Imeachtaí Cultúrtha, caithfidh 80% nó níos mó den ngníomhaíocht in iomlán a bheith ealaíonta le bheith incháilithe don scéim seo. Ní fhreastalaíonn an Scéim seo ar cheardlanna ealaíon atá sa bhreis ar ghnáth-ghníomhaíochtaí/obair ghrúpa. Ní chlúdaíonn sé gníomhaíochtaí ealaíon atá ag cur le (mar ‘Add on’) himeachtaí atá á reachtáil cheana. Ní fhreastalaíonn sé ach oiread ar ghrúpaí nach bhfuil a bpríomh-fheidhm agus a mbunreacht ealaíonta.

Ní chlúdaíonn an scéim seo réimse na ceardaíochta, tionscadail cheardaíochta agus gníomhaíochtaí gaolmhara ar nós aonaigh fiontar agus taispeántais. Ní chlúdaíonn sé, ach oiread féilte/imeachtaí ealaíon a tharlaíonn anois is arís agus a thagann ar chuairt go dtí an réigiúin. Tá geamaireachtaí agus nuashiamsaíochtaí lasmuigh de théarmaí tagartha na scéime seo chomh maith. Caithfidh foilseacháin a bheith ealaíonta, agus is oth linn nach féidir linn foilseacháin stairiúla/chartlainne agus neamh-ealaíonta a mheas. Caithfidh saothair cheolmhara, ar nós chóir, stiúrthóir proifisiúnta a fhostú chun a bheith i dteideal deontas a fháil. Is oth linn nach féidir linn cóir reiligiúnacha d’aon shainchreideamh a mhaoiniú faoin scéim seo.

Caithfí an tionscadal a rith sa mbliain féilire chéanna inar ceadaíodh an t-airgead.

Ní leithdháilfear deontais chun costais ginearálta riaracháin a chlúdach.

Caithfidh iarratasóirí a bheith sásta a thuilleadh sonraí nó eolas a chur ar fáil, má lorgaíonn an Chomairle a leithéad.

Glacfar le hiarratais tríd an bpróiseas iarratais ar-líne amháin ar, nó roimh an sprioc-am agus an sprioc-dháta atá luaite.

Tionscadail atá ceadaithe roimh ré amháin a bheidh cáilithe do chabhair dheontais. Ní féidir iarratas a chur isteach ag lorg dheontais go siarghabhálach, nó maidir le haon fhiacha a íoc.

Caithfidh grúpaí a dhéanann iarratas a bheith bunaithe agus gníomhach ó Eanáir 2014 chun cáiliú do chabhair dheontais le linn 2015. D’fhéadfaí fianaise ina leith seo a lorg.

Caithfidh ealaíontóirí proifisiúnta agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn clárú roimh ré ar www.artlinks.ie

Caithfidh aon duine/eagraíocht a fhaigheann deontas de €650 nó níos mó na sonraisc chuí a chur ar fáil chun an deontas a tharraingt anuas.

Caithfidh aon duine/eagraíocht a fhaigheann deontas de €1,000 nó níos mó cuntais iomlán a chur ar fáil, leis na sonraisc chuí san áireamh.

Tá sé de chead ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge deireadh a chur le deontas i gcabhair má tá faillí reachtúil nó coiriúil i gceist. Caithfí aitheantas a thabhairt do thacaíocht an údaráis áitiúil i ngach ábhar bolscaireachta/clóbhuailte/ar an idirlíon agus an lógó cuí a bheith leis. Cuirfidh an tOifig Ealaíon sonraí iomlána an riachtanais seo ar fáil d’iarratasóirí rathúla.

Ní chuirfear freagracht ar Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, i bpáirt nó eile, d’aon chostais thabhaithe d’imeacht nach dtéann ar aghaidh ar chúis ar bith. Beifear ag súil go mbeidh árachas leordhóthaineach ag faighteoirí chun rudaí dá leithéad a chlúdach (má bhíonn an gníomhaíocht ar siúl in áit phoiblí, is ceart dliteanas poiblí de €6.5m ar a laghad a bheith in áit).

Is ceart do ghrúpaí a bhfuil orthu a ngníomhaíocht a athsceidealú chuig dáta eile laistigh den bhfráma ama atá ceadaithe, nó a bhfuil orthu an ghníomhaíocht atá beartaithe acu a athrú in aon tslí, teagmháil a dhéanamh láithreach leis an Oifig Ealaíon leis na sonraí cuí. Munar féidir le grúpa an ghníomhaíocht a athsceidealú laistigh den bhfráma ama atá ceadaithe, ní bheidh cead ag an ngrúpa an maoiniú a tharraingt anuas.

Foilseofar liosta na n-iarratasóirí rathúla ar www.waterfordcouncil.ie

Caithfidh na faighteoirí an nós imeachta maidir le tarraingt anuas an deontais agus na riachtanais a bhaineann le hAdmháil Chistiúcháin, mar atá deimhnithe i scríbhinn leo, a leanúint. Is féidir deontas a choimeád siar muna gcloítear leis an méid thuas.

Caithfidh grúpaí a fhaigheann urraíocht ó chomhlachtaí a tháirgíonn deochanna meisciúla, an cheist a bhaineann leis sin ar an bhfoirm iarratais seo a líonadh isteach.

Féachann an t-údarás áitiúil ar an iarratasóir rathúil mar an príomh-fhaighteoir ealaíonta agus, dá bharr san ní thabharfar aon tacaíocht do mhaoiniú tánaisteach (sé sin ón bhfaighteoir chuig carthanacht i gcomhair ócáid tiomsaithe airgid, nó chuig aonán tráchtála nach bhfuil sonraithe).

Má tá tú ag deileáil le daoine faoi 18 mbliain d’aois, caithfidh tú cóip dod’ Pholasaí um Chosaint Leanaí a chur ar fáil i bhfoirm digiteach.

D’fhéadfadh go mbeadh coinníollacha faoi leith ag baint leis an maoiniú, a shonrófar sa litir thairisceana.

Agus iarratas ar-líne á seoladh isteach ag iarratasóir, ciallaíonn sé sin go bhfuil an t-iarratasóir ag comhaontú a bheith faoi cheangal ag na coinníollacha a bhaineann le riarachán na scéime seo.

Bí cinnte na Critéir Dheontas Aonair do Dheontais Chleachtas Ealaíon a sheiceáil chomh maith (a bheidh sonraithe sa chuid ábhartha ar-líne de gach fhoirm iarratais).

Leave a Reply