Tá seisiúin oiliúna eagraithe ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge don bproiséas nua iarratais ar-líne do dheontais ealaíon. Tá athbhreithniú forleathan déanta ar an bproiséas iarratais chun go mbeidh sé ag cloí le paraiméadair na Comhairle nua. Molaimid duit an seisiún is gaire duit a chur in áirithe. Tabhair ríomhaire glúine leat, led’ thoil. Tabhair faoi deara gurb é an 30 Eanáir 2015, ar a 4.00i.n. an spriocdháta d’iarratais ar dheontais. Tá sé riachtanach áit a chur in áirithe – cuir glaoch ar 051 849678 chun d’áit a chur in áirithe.
Tabhair faoi deara go mbronnfar deontais ar bhonn iomaíoch amháin agus baineann an oiliúint seo leis na deontais seo a leanas amháin:
Tá deiseanna d’Fhorbairt Phroifisiúnta d’Ealaíontóirí clúdaithe anois faoi Artlinks, agus is féidir clárú agus iarratas a chur isteach trí www.artlinks.ie. Ní chlúdófar é seo san oiliúint seo.
Ní bhaineann an oiliúint seo leo siúd atá ag cur isteach ar mhaoiniú Féilte nó ar mhaoiniú Ionaid.
Seiceáil go rialta le waterfordarts.com don eolas is deireanaí.
Pingback: TRAINING: WATERFORD NEW ARTS GRANTS APPLICATION PROCESS | waterfordarts.com
Pingback: DEONTAIS EALAÍON 2015 (D4) | waterfordarts.com