Iarratas ar Dheontas do Léiriú AmaitéarachDeontais Ealaíon 2016
Deontais Ealaíon Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge
Tá maoiniú nach beag curtha ar leataobh ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge i gcomhair sholáthar Dheontais do Chleachtas Ealaíon, d’Fhorbairt Lucht Féachana Ealaíon agus d’Ionaid Ealaíon. Tá sé seo á dhéanamh mar chuid den tacaíocht atá á dtabhairt d’fhorbairt na n-ealaíon sa chathair agus sa chontae i 2016.
Deintear na deontais do Chleachtas, do Lucht Féachana agus d’Ionaid a phróiseáil trí phróiseas iomaíoch agus beidh foirmeacha iarratais ar fáil ar-líne ón 23 Nollaig, 2015, le spriocdháta den Aoine, 29 Eanáir, 2016 ar a 4.00i.n.
Tá an struchtúr do dheontais sa Chleachtas Ealaíon agus d’Fhorbairt Lucht Féachana ag comhlíonadh Alt 6 den Acht Ealaíon 2003. Tugtar maoiniú trí na deontais seo do thionscadail agus do chláir ealaíon atá comhlántach leis na spriocanna seo a leanas:
- Suim an phobail sna hEalaíona a spreagadh
- Eolas, léirthuiscint agus cleachtadh na n-ealaíon a chur chun cinn, nó
- Caighdeáin sna healaíona a fheabhsú
Tugtar sainmhíniú san Acht ar na healaíona mar phéintéireacht, dhealbhóireacht, ailtireacht, cheol, scannán, dhrámaíocht, dhamhsa, litríocht, dhearadh i dtionsclaíocht, na mínealaíona agus na healaíona feidhmeacha go ginearálta.
Na Deontais atá ar fáil:
Cleachtas Ealaíon
- Deontais Nua Drámaíochta agus Léiritheora
- Léiriú Proifisiúnta sa Chomhoibriú Cruthaitheach
- Léiriú Amaitéarach Ealaíon
- Léiriú Amaitéarach Ceoil
- Léiriú Óige/Réamh-phroifisiúnta
- Clár na mBannaí Máirseála/Ceolchoirme
- Clár na gCeolchoirmeacha
- Clár dos na hEalaíona sa tSláinte/Na hEalaíona & Míchumas
Forbairt Lucht Féachana Ealaíon
- Clár Ealaíon do Bhunscoileanna (ag taiscéaladh na n-ealaíon)
- Clár Ealaíon do Chuimsiú Sóisialta na nÓg
- Clár Ealaíon do Chuimsiú Sóisialta ó Ghlúin go Glúin
- Scéim do Cheannach Ábhar Foilsithe
- Scéim do Thacaíocht Tríú Páirtí
Ionaid Ealaíon
—o—
Tá an Clár do Dheontais Ealaíon 2016 bunaithe ar mholtaí agus ar pholasaithe Phlean Ealaíon Chomhairle Cathair Phort Láirge 2011 – 2016 agus Plean Ealaíon Chomhairle Contae Phort Láirge 2012 – 2017. I mbliana, ba mhaith leis an gComhairle iarratasóirí a spreagadh chun tionscadail a chuimsíonn réigiúin an Oirdheiscirt, go háirithe Cill Chainnigh agus Loch Garman, a chur i láthair ar bhonn comhoibríoch.
Tá an Chomhairle ag cur oiliúna agus treoirlínte ar fáil chun cabhrú le hiarratasóirí. Cliceáil thíos i gcomhair shonraí.
Cuireann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge fáilte roimh iarratais faoi na cláir seo a leanas:
Cleachtas Ealaíon
Tá sé mar aidhm ag na deontais seo ár gContae a bheochan le cláracha, imeachtaí agus taispeántais iontacha. Seachas an clár dos na hEalaíona sa tSláinte/Na hEalaíona & Míchumas, baineann na deontais seo ar fad le tionscadail gur féidir leis an bpobal freastal orthu. Caithfidh siad ar fad a bheith ar ardchaighdeán agus caithfidh siad tallann agus seirbhísí proifisiúnta áitiúla a fhostú/a úsáid.
Tabhair faoi deara go bhfuil an deontas d’Amharclannaíocht Phroifisiúnta/Léiriú curtha ar feitheamh agus critéir nua á meas againn.
Deontais Nua Drámaíochta agus Léiritheora
Scéim nua is ea í seo a thagann i gcomharbacht ar an nDeontas do Thaibhléiriú Amharclainne Proifisiúnta. Tá sé bunaithe ar dhá dhearbhphrionsabal:
- Chun canóin nua de dhrámaí ón Oir-dheisceart a fhorbairt
- Chun cuir ar chumas drámadóirí ón Oir-dheisceart tabhairt faoi obair nua agus chun misneach a thabhairt do léiritheoirí amharclann áitiúla a theacht chun cinn.
Tá iarratais á lorg anois ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge do dhrámaí nua, bunaithe ar insint, le pleananna maidir le conas iad a léiriú. Bronnfaidh an Chomhairle trí dheontas suas dtí €3,000 an ceann, do scríobh, léamh cleachtadh agus do thairiscint buiséad-rialaithe do sé léiriú den ndráma. Is ceart go mbeadh na drámaí lonnaithe i, nó bainteach le, Port Láirge nó an Oir-dheisceart. Tá fáilte roimh dhrámaí as Gaeilge. Féachtar ar seo mar chomhpháirtíocht idir an Drámadóir, an Léiritheoir agus Comhairle Cathach & Contae Phort Láirge, le dóchas ann go spreagfar maoiniú seachtrach.
Próiseas de dhá chuid is ea é seo. Ag an bpoinnte seo, iarrtar ar iarratasóirí dréacht de dhráma nua idir 45 agus 180 nóiméad ar fhaid, nó achoimre mionsonraithe, a chur isteach. Chomh maith leis sin, caithfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas a chur faoinár mbráid:
- Achoimre
- Téama/Téamaí
- An scéal/plean
- Liosta na gcarachtar (le nótaí)
- Cóiriú bunúsach an stáitse
Cuirtear íocaíochtaí i gcodanna chuig iarratasóirí rathúla de suas le €2,000, i dtreo sheachadadh na scripte. Nuair atá léamh cleachtadh comhaonaithe curtha ar fáil agus an sceideal léirithe atá beartaithe do sé léiriú tugtha, scaoilfear leis an €1,000 eile.
Caithfidh gach dráma a bheith neamh-léirithe go dtí seo, agus gan é a bheith faoi chearta foilsitheoireachta nó faoi aon chomhaontú roimhe seo. Caithfidh gur saothar an iarratasóra é, agus caithfidh an t-iarratasóir a bheith ina c(h)ónaí nó ag obair i bPort Láirge, nó a bheith ó Phort Láirge ó dhúchas. Coimeádann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge an ceart don gcéad léiriú aici féin agus/nó an dráma a léiriú sa mbliain 2020. Coimeádann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge an ceart i gcomhair 2% de gach dleacht go buan aici féin agus an ceart chun an dráma a fhoilsiú mar chuid de choimre i 2016/17 agus arís i 2020. Is féidir a thuilleadh sonraí agus coinníollacha a fháil ó conornolan@waterfordcouncil.ie Deontais Nua Drámaíochta agus Léiritheora
Léiriú Proifisiúnta sa Chomhoibriú Cruthaitheach
Tugtar an deontas seo do chomhoibriú ildisciplíneach idir chúpla eagraíocht, agus gurb é an toradh atá air ná ócáid nó clár speisialta faoi leith, nach bhfaighfí a fhíorú gan an comhoibriú sin. Baineann sé le táirgí nua cruthaitheacha a eascraíonn ó chomhoibriú, seachas le táirge a bheadh mar chuid de shainchúram eagraíocht amháin ar bith (ar nós dráma nó scannán). Cé go mbronnfar an deontas do thogra ar leithleach, tabharfar aird chuí do chláir a mbeidh an féin-inbhuanaitheacht mar thoradh orthu.
Sampla maith de chomhoibriú ildisciplíneach idir chúpla eagraíocht, a raibh ócáid/clár speisialta ar leithleach mar thoradh air, ná Gáirdíní na Sráide Nua (comhoibriú idir ealaíontóirí, ceoltóirí, garraíodóirí, grúpaí sóisialta agus an pobal go ginearálta). Sampla maith eile is ea “Waterford Sings” (oll-chóir, cumadóirí, filí agus mór-imeacht).
Tuigeann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge nach bhfuil sa deontas seo ach cuid amháin den bpacáiste a bheadh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar dá leithéad.
Iarratas ar Dheontas Chomhoibrithe
Léiriú Amaitéarach Ealaíon
Tugann an deontas seo tacaíocht don earnáil amaitéarach/dheonach, agus caithfidh go mbeidh teacht ag an bpobal ar léirithe/thaispeántais a chomhlíonann na critéir mar atá leagtha síos sna treoirlínte. Bíonn an deontas i bhfábhar saothar úr-nua agus/nó foghlaim le linn an léiriúcháin trí stiúrthóirí, cóiréagrafaithe agus scríbhneoirí proifisiúnta a fhostú. Bíonn an deontas i bhfábhar imthosca eisceachtúla chomh maith, ar nós turas trí nó ceathar ionad. Caithfidh ceithre léiriú a bheith i gceist, ar a laghad, seachas réamhamharcanna, cleachtaí agus oícheanta charthanachta.
Bronnfar trí dheontas de €1,000 (ceann do gach dúiche) agus deontas amháin de €4,000 do chlár ar leithleach (sampla dá leithéad le déanaí ná an turas a thug an grúpa Stage Mad chuig an Lárionad Ealaíon Éireannach i Nua Eabhrach le saothar nua dá gcuid).
Iarratas ar Dheontas do Léiriú Amaitéarach
Léiriú Amaitéarach Ceoil
Tugann an deontas seo tacaíocht do léiriú amaitéarach/deonach sa Cheolamharclannaíocht, a mbeidh teacht ag an bpobal air. Caithfidh sé na critéir mar atá leagtha síos sna treoirlínte a chomhlíonadh. Tabharfar tús áite do shaothar úr-nua agus do léiriú a mbeidh an contae ar fad mar shainchúram aige. Deontas é seo do léiriú le daoine fásta go príomha. Caithfidh ceithre léiriú ar a laghad a bheith i gceist, seachas réamhamharcanna, cleachtaí agus oícheanta charthanachta. Tuigeann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge nach bhfuil sa deontas seo ach cuid amháin den bpacáiste a bheadh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar dá leithéad.
Iarratas ar Dheontas do Léiriú Amaitéarach Ceoil
Léiriú Óige/Réamh-phroifisiúnta
Deontas do léiriú Amharclannaíochta, atá forbartha do, nó a chuimsíonn an óige, nó léiriú amharclannaíochta le compántas drámaíochta óg réamh-phroifisiúnta. Caithfidh éiteas proifisiúnta a bheith ag an léiriú, caithfidh sé a bheith oscailte don bpobal chun ticéidí a cheannach agus caithfidh ceithre léiriú ar a laghad a bheith i gceist, seachas cleachtaí agus réamhamharcanna. Tuigeann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge nach bhfuil sa deontas seo ach cuid amháin den bpacáiste a bheadh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar dá leithéad. Tabharfar tús áite do léiriú a mbeidh an contae ar fad mar shainchúram aige.
Iarratas ar Dheontas do Léiriú Óige/Réamh-phroifisiúnta
Clár na mBannaí Máirseála/Ceolchoirme
Beidh tromlach an dámhachtana ar bhunús iomaíoch, ach rothlach do cheann de bhannaí Máirseála/Ceolchoirme Phort Láirge. Caithfidh 12 léiriú poiblí ar a laghad in aghaidh na bliana a bheith ag bannaí a chuireann iarratas isteach. Tuigeann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge nach bhfuil sa deontas seo ach cuid amháin den bpacáiste a bheadh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar dá leithéad.
Iarratas ar Dheontas do Chlár na mBannaí Máirseála/Ceolchoirme
Clár na gCeolchoirmeacha
Tá sé seo dírithe ar sholáthróirí ceolchoirme foirmeálta (m.sh. Club Ceoil Phort Láirge agus Club Siansa Phort Láirge). Reachtáiltear ar bhonn iomaíoch é do chlár de thréimhse 12 mhí. Tá suim ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge i gclár ilghnéitheach, a dtógann Cathair agus Contae san áireamh. Tuigeann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge nach bhfuil sa deontas seo ach cuid amháin den bpacáiste a bheadh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar dá leithéad.
Iarratas ar Dheontas do Chlár na gCeolchoirmeacha
Clár dos na hEalaíona sa tSláinte/Na hEalaíona & Míchumas
Tá sé seo dírithe ar chlár ealaíon a chur ar fáil atá bunaithe ar na hEalaíona sa tSláinte nó na hEalaíona & Míchumas. Caithfear tionscadail faoi leith a aithint do mhaoiniú don deontas seo. Déanfar machnamh ar iarratais ó theiripeoirí ealaíne cháilithe, i gcomhar le hospidéal nó shaoráid liachta faoin scéim seo. Caithfidh éiteas proifisiúnta agus bheith ag an gclár, chomh maith le tallann a fhoinsiú go háitiúil.
Iarratas ar Dheontas don gClár dos na hEalaíona sa tSláinte
Forbairt/Cuimsiú an Lucht Féachana
Sé bonn an chláir seo ná daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna healaíona trí fhiosracht, trí shuim agus trí léirthuiscint sna healaíona a chur i gceann dhaoine. Deis is ea é chomh maith d’Eagraíochtaí Ealaíon atá sean-bhunaithe a mbonn chleachtais a leathnú amach trí cheann amháin nó níos mó des na tionscadail seo a leanas a chur ar fáil:
Clár Ealaíon do Bhunscoileanna (ag taiscéaladh na n-ealaíon)
Tá an clár seo dírithe ar bhunscoileanna i bPort Láirge. De bharr go bhfuil sé seo mar chuid de chlár comhordaithe scoile, caithfidh alt a bheith san iarratas a bpléann, nó a dtugann cur síos ar dhoimhneacht agus ars chomhthéacs na n-ealaíon sa saol laethúil. Déanfar machnamh ar gach disciplín ealaíonta faoin scéim seo. Tabharfar tús áite do chlár a chlúdaíonn an méid is féidir den gcontae. Tuigeann an Chomhairle nach bhfuil sa deontas seo ach cuid amháin den bpacáiste a bheadh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar dá leithéad.
Iarratas ar Dheontas don gClár Ealaíon do Bhunscoileanna
Clár Ealaíon do Chuimsiú Sóisialta na nÓg
Tá an clár seo dírithe ar óige faoi mhíbhuntáiste agus orthu siúd a fhágann scoil go luath. Tá suim ag an gComhairle Cathrach & Contae i gcur chuige a ndéantar le páirtnéirí eile ar bord. Ba cheart go mbeadh stíl inste ag an gclár, rud éigint ar nós tionscadal stair shóisialta, b’fhéidir. Ní mór doiciméadú iomlán a dhéanamh ar an gclár, agus scannán, léiriú nó taiscéalaíocht agus taispeántas doiciméadaithe a bheith mar bhuaicphointe aige. De bharr go bhfuil sé seo mar chuid de chlár óige comhordaithe, caithfidh alt a bheith mar chuid den iarratas a bpléann, nó a dtugann cur síos ar dhoimhneacht agus ar chomhthéacs na n-ealaíon sa saol laethúil. Tabharfar tús áite do chlár a chlúdaíonn an méid is féidir den gcontae. Tuigeann an Chomhairle nach bhfuil sa deontas seo ach cuid amháin den bpacáiste a bheadh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar dá leithéad.
Iarratas ar Dheontas don gClár Ealaíon do Chuimsiú Sóisialta na nÓg
Clár Ealaíon do Chuimsiú Sóisialta ó Ghlúin go Glúin
Tá sé seo dírithe ar idirghníomhaíocht idir an óige agus daoine breacaosta chun meas a spreagadh trí iniúchadh a dhéanamh ar théamaí atá comónta don dá dhream. Ba mhaith linn go mbeadh stíl inste ag an gclár, rud éigint ar nós tionscadal stair shóisialta, b’fhéidir agus go mbeadh léiriú mar bhuaicphointe aige. Caithfear doiciméadú iomlán a dhéanamh ar an gclár agus caithfidh alt a bheith mar chuid de a bpléann, nó a dtugann cur síos ar dhoimhneacht agus ars chomhthéacs na n-ealaíon sa saol laethúil. Tabharfar tús áite do chlár a chlúdaíonn an méid is féidir den gcontae. Tuigeann an Chomhairle nach bhfuil sa deontas seo ach cuid amháin den bpacáiste a bheadh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’fhiontar dá leithéad.
Iarratas ar Dheontas don gClár do Chuimsiú Sóisialta ó Ghlúin go Glúin
Scéim do Cheannach Ábhar Foilsithe 
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí trína gcuid foilseacháin a cheannach agus tugaimid tacaíocht chomh maith do cheannacháin dlúthdhioscaí/DVD ealaíonta. Úsáideann an t-údarás áitiúil na ceannacháin tríd iad a chur ar fáil don bpobal sna Seirbhísí Leabharlainne. Úsáidfear chomh maith iad mar dhuaiseanna agus mar bhronntanais chúirtéise ón údarás áitiúil nuair is cuí.
Iarratas ar Dheontas don Scéim do Cheannach Ábhar Foilsithe
Scéim do Thacaíocht Tríú Páirtí
Cabhraíonn an scéim seo le scéimeanna eile sparántachta ealaíon príobháideacha atá dírithe ar chleachtóirí na n-ealaíon, ar nós scéim Ghradaim Ted & Mary O’ Regan.
Iarratas ar Dheontas don Scéim do Thacaíocht Tríú Páirtí
Deontais d’Fhorbairt Phroifisiúnta
Ó mbliain 2015 ar aghaidh, bronnfar Deontais d’Fhorbairt Phroifisiúnta faoi Sparántachtaí 2015 ArtLinks. Cuireann ArtLinks deiseanna d’fhorbairt phroifisiúnta ar fáil d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus d’ealaíontóirí proifisiúnta i ngach disciplín. Tá an tionscnamh seo á reachtáil i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla Cheatharlaigh, Loch Garman agus Chill Chainnigh, maraon leis an gComhairle Ealaíon. Is féidir le healaíontóirí Phort Láirge clárú saor in aisce ar www.artlinks.ie
Sparántachtaí Ealaíon faoi leith
Sonraí le deimhniú – fógrófar deontais faoin gcritéir seo san Earrach.
Ionaid
Tá Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge bródúil as caighdeán na n-ionad a bhfuil cabhair tugtha dóibh forbairt. Cé go mbaineann fócas príomha na n-ionad le léiriú agus le taispeántas obair atá críochnaithe, is ceart don ionad a bheith mar áit gur féidir saothar nua a thionscnamh chomh maith. Is gnáthach d’ionaid mhaoinithe a bheith mar áiteanna le soláthar leanúnach foirne, pé acu an bhfuil na limistéir léiriúcháin/thaispeántais oscailte nó dúnta. Beifear ag súil go mbeidh ionaid atá maoinithe ag an gComhairle in ann úsáid acmhainní atá gann a uasmhéadú agus forbairt tionscadail ealaíon atá úr-nua agus inrochtana a spreagadh.
Tá an Chomhairle ag lorg iarratais ó ionaid atá forbartha i gcomhair chuspóirí ealaíonta. Doiciméad MS atá sa bhfoirm iarratais.
Venue application form 2016
Íoslódáil an fhoirm, líon isteach, bailigh gach eolas cuí agus seol isteach chuig: An tUasal Conor Nolan, Oifigeach Ealaíon, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, An Meal, Port Láirge ar tráth nach déanaí ná an Aoine, 29 Eanáir 2016.