Tá áthas ar Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge a fhógairt go bhfuil iarratais á lorg anois do Scéim Deontais Ealaíon 2016. Tá tacaíocht ar fáil trí Dheontais do Chleachtas Ealaíon agus d’Fhorbairt Lucht Féachana Ealaíon. Is féidir a thuilleadh eolais faoi na deontais atá ar fáil, chomh maith leis na foirmeacha iarratais a fháil ar www.waterfordarts.com trí chliceáil ar Arts Grants / Deontais Ealaíon.
Ionaid Ealaíon
Tá an próiseas iarratais ar oscailt anois do Dheontais Ealaíon i gcomhair Ionaid Ealaíon atá forbartha ag an gComhairle do 2016. Tá na sonraí ar fad, chomh maith leis na foirmeacha iarratais, ar fáil ag www.waterfordarts.com Is ceart foirmeacha iarratais chomhlánaithe do Dheontais d’Ionaid Ealaíon a sheoladh isteach (cóip chrua nó trí r-phost) leis an bpáipéarachas cuí chuig: Conor Nolan, Oifigeach Ealaíon, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Halla na Cathrach, An Meall, Port Láirge. R-phost: conornolan@waterfordcouncil.ie
Sé an spriocdháta chun glacadh le hiarratais chomhlánaithe dos na scéimeanna seo ná
4.00i.n. ar an Aoine, 29 Eanáir 2016.
Tagann an Deontas d’Fhorbairt Ealaíontóirí faoi Sparántachtaí Artlinks Phort Láirge 2016. Fógrófar sonraí na ndeontas Artlinks agus Féilte Ealaíon san Athbhliain. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Margaret Organ, Oifigeach Ealaíon maidir leis na deontais seo.
Teil. 058/41416 rphost: morgan@waterfordcouncil.ie