SCÉIM DEONTAIS NA bhFÉILTE 2019

Cuirfidh Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge maoiniú ar fáil d’eagraithe féilte agus imeachtaí chun cabhrú leo imeachtaí a fhorbairt agus a chur chun cinn i gCathair agus i gContae Phort Láirge le linn 2019. Tá sé mar aidhm ag an Scéim Deontais seo tacaíocht agus bolscaireacht a thabhairt d’fhéilte áitiúla agus tacaíocht agus cabhair a thabhairt d’imeachtaí a bhfuil gné eacnamaíoch, thurasóireachta, chultúrtha/ealaíonta nó phobail ag baint leo.Festival Pic
Sé príomhchuspóir Scéim Deontas na bhFéilte ná cabhair airgeadais a chur ar fáil do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí atá i mbun féilte agus imeachtaí a fhorbairt ag an leibhéal áitiúil. Tá an scéim dírithe ar mhaoiniú a chur ar fáil do réimse leathan d’fhéilte agus d’imeachtaí, chun a chinntiú go bhfuil na hacmhainní teoranta airgeadais atá ar fáil úsáidte sa tslí is éifeachtaí ar mhaithe leis an bpobal trí chéile.
Iarrfar ar iarratasóirí sonraí a chur ar fáil a léiríonn an méid seo a leanas:
 Tionchar Eacnamaíoch/Ealaíonta/Pobail
 Líon na gCuairteoirí/Rannpháirtíochta
 Saineolas Eagraíochta
 Inmharthanacht an imeachta sa todhchaí
 Pleanáil Airgeadais

Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil ó shuíomh idirlíon Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag http://www.waterfordcouncil.ie nó is féidir iad a fháil os na hoifigí ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Deasc Seirbhíse Custaiméara, Sráid Nua Bailey, Port Láirge nó Deasc Seirbhíse Custaiméara, Oifigí Cathartha, Cé Dáibhéid, Dún Garbhán.
Is ceart an fhoirm iarratais chomhlánaithe, maraon leis an bpáipéarachas tacaíochta, a chur isteach i gclúdach litreach séalaithe, marcáilte do: SCÉIM DEONTAIS NA bhFÉILTE 2019, DEASC SEIRBHÍSE CUSTAIMÉARA, COMHAIRLE CATHRACH & CONTAE PHORT LÁIRGE, SRÁID NUA BAILEY, PORT LÁIRGE faoin Aoine, 9 Samhain 2018 ag 3.00i.n.

Privacy Notice

Leave a Reply