DEONTAIS CHLEACHTAIS EALAÍON PHORT LÁIRGE 2026: TREOIRLÍNTE
Glac d’am leis na treoirlínte a léamh, sula ndéanfaidh tú iarratas ar dheontas, le do thoil.
Tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge cúnamh airgeadais a thabhairt d’ealaíontóirí, do ghrúpaí ealaíon agus d’eagraíochtaí ealaíon.
Tabharfar tús áite do thionscadail atá ag teacht leis an méid atá ar intinn i gcás an deontais sin ar leith agus/nó atá i gcomhréir le Nuastraitéis Ealaíon Chomhairle Phort Láirge 2016-2021.
Is é is eochairchuspóir anseo ná taithí ealaíon ar ardchaighdeán a sholáthar trí úsáid a bhaint as an tallann áitiúil agus as na seirbhísí áitiúla agus trí thacú le healaíontóirí ina gcuid oibre.
NA CRITÉIR MAIDIR LE hIARRATAIS AR DHEONTAIS
- Níl an cúnamh deontais ar fáil ach d’ealaíontóirí, do ghrúpaí ealaíon agus d’eagraíochtaí ealaíon atá lonnaithe laistigh de limistéar riaracháin Chathair agus Chontae Phort Láirge. Ní foláir nó go mbeidh léiriú poiblí éigin ar an tionscadal laistigh de Phort Láirge.
- Sainmhínítear grúpa ealaíon nó eagraíocht ealaíon mar chomhlacht a mbunaítear a phríomhghníomhaíocht ar ealaíona. Maidir le Féilte nó le hImeachtaí Cultúir, ní foláir nó go mbeidh níos mó ná 80% den ghníomhaíocht ina hiomláine de chineál ealaíonta chun a bheith intofa don scéim seo. Ní riartar sa scéim ar cheardlanna ealaíon a bhíonn mar rud breise ar ghnáthimeachtaí an ghrúpa nó ar ghnáthobair an ghrúpa. Ní chlúdaítear fúithi gníomhaíochtaí ealaíon ‘Sa Bhreis’ i gcomhair imeachtaí. Ní riartar inti ach oiread ar ghrúpaí arb é is príomhfheidhm agus comhdhéanamh dóibh rud seachas rud ealaíonta.
- Ní chlúdaítear faoin scéim seo réimse na ceardaíochta, tionscadail cheardaíochta agus na gníomhaíochtaí gaolmhara amhail aontaí agus taispeántais fiontraíochta. Ní chlúdaítear ach oiread faoin scéim féilte/imeachtaí ócáideacha ealaíon a fhéadfaidh taisteal isteach sa réigiún. Thairis sin, ní thagann geamaireachtaí, dreasa áiféise ná saothair ealaíon tráchtála laistigh de raon na scéime seo (Is ann do scéim ar leith i dtaca le Deontais na bhFéilte Ealaíon, a fógraíonn CC&CPL i mí na Samhna gach bliain).
- Ní tugtar tacaíocht d’fhoilseacháin, seachas Cnuasaigh ó Ghrúpaí Scríbhneoirí seanbhunaithe.
- Maidir le himeachtaí ceoil, amhail cóir, caithfear stiúrthóir gairmiúil a fhostú chun cáiliú do chúnamh deontais. Is oth linn nach bhféadfaimid cóir reiligiún-bhunaithe de chuid aon sainaicme creidimh a mhaoiniú faoin scéim seo.
- Ní foláir an tionscadal a bheith ar siúl sa bhliain féilire ina ndeonaítear an t-airgead.
- Ní leithdháilfear deontais chun íoc as costais ghinearálta an riaracháin.
- Agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS/GDPR) á chur san áireamh, is féidir go gceanglófar ar iarratasóirí a thuilleadh sonraí nó a thuilleadh eolais a chur ar fáil don Chomhairle má iarrtar é sin.
- Ní ghlacfar le hiarratais ach trí phróiseas an iarratais ar líne agus ní foláir é sin a dhéanamh ar an am agus dáta deiridh a luaitear, nó roimhe sin.
- Ní cháileoidh ach tionscadail a bheidh faofa roimh ré, do chúnamh. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar dheontas cúlghabhálach, ná ní féidir iarratas a dhéanamh chun íoc as seanfhiacha.
- Ach amháin mar a mbíonn comharghrúpa gairmiúil ealaíon nó Buíon Drámadóra agus Léiritheora nó Buíon Scríbhneora Scripte Scannáin agus Léiritheora i gceist, ní foláir na grúpaí iarratasóra a bheith bunaithe ó Dheireadh Fómhair 2023 agus iad ag gníomhú ón tráth sin chun cáiliú do dheontas i rith na bliana 2025. Is féidir go lorgófar cruthúnas air seo.
- Ní mór do gach ealaíontóir aonair a dhéanann iarratas ar dheontas a bheith ina bhall de Artlinks. Téigh go dtí artlinks.ie@gmail.com chun clárú.
- Taobh amuigh d’iarratais na Foirne Drámadóirí/Léiritheoirí agus na Foirne Scríbhneoirí Scripte/Léiritheoirí, ní fhreastalaíonn an scéim seo ar iarratais ó ealaíontóirí faoi oiliúint. Ní feidir an scéim a úsáid ar mhaithe le forbairt gairme ghairmiúil ach an oiread. Tá sruth maoinithe ar leith le fógairt i mí Eanáir 2026 faoi ArtLinks d’ealaíontóirí aonair atá ag teacht chun cinn agus d’ealaíontóirí gairmiúla aonair.
- Chun go bhféadfar an deontas a tharraingt anuas, caithfidh faighteoirí na ndeontas cuntais scarbhileoige a thabhairt ar aird, móide na hadmhálacha ábhartha, nó más eagraíocht nó grúpa a bheidh i gceist nó más amhlaidh a dheonófar €5,000 agus os a chionn sin, caithfear sraith de chuntais, lena n-áireofar cóipeanna de na hadmhálacha ábhartha, a thabhairt ar aird. Ní foláir do gach grúpa tuairisc ghníomhaíochta a chur ar fáil. Maidir le faighteoirí dá ndeonófar €1,500 nó níos mó, NÍ FOLÁIR dóibh tuairisc ó Chara Criticiúil a sholáthar.
- Forchoimeádann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an ceart chun cúnamh deontais a fhoirceannadh má tharlaíonn faillí reachtúil nó faillí choiriúil. In aon ábhar bolscaireachta/clóite/gréasáin, ní foláir an chreidiúint a thabhairt ó thaobh deontas ón údarás áitiúil a bheith faighte ag an tionscadal agus is gá an lógó cuí a chur ar taispeáint. Cuirfidh an tSeirbhís Ealaíon na sonraí iomlána den cheanglas seo ar fáil do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo.
- Ní bheidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge freagrach, i bpáirt nó ar shlí eile, as aon chostas a thabhófar i dtaca le haon imeacht nach dtarlóidh is cuma cén chúis a bheidh leis sin. Táthar ag súil leis go mbeidh árachas dóthanach ag faighteoirí chun íoc as a leithéid de theagmhas (má tá imeacht ealaíon le bheith ar siúl in áit phoiblí, ní ceart an dliteanas poiblí a bheith níos lú ná €6.5m).
- Má bhíonn ar ghrúpaí athsceidealú a dhéanamh ar a ngníomhaíocht go dáta eile, agus é sin laistigh den chreat faofa ama, nó má bhíonn orthu a ngníomhaíocht bheartaithe a athrú ar aon mhodh, is ceart dóibh teagmháil a dhéanamh láithreach leis an tSeirbhís Ealaíon i dtaobh an ghnó sin. Ní bheidh grúpaí nach féidir leo athsceidealú a dhéanamh laistigh den chreat faofa ama i dteideal an maoiniú a tharraingt anuas.
- Foilseofar liosta de na hiarratasóirí rathúla ar waterfordarts.com agus ar www.waterfordcouncil.ie
- Ní foláir do na faighteoirí déanamh de réir an nóis imeachta a bheidh deimhnithe i scríbhinn dóibh ó thaobh an deontas a tharraingt anuas (féach thíos) agus ó thaobh na ceanglais a chomhlíonadh maidir le hadmháil an mhaoinithe faighte. Ina theannta sin, is ceart dóibh aird a thabhairt ar na treoirlínte seo. Is féidir go ndéanfar deontas a choimeád siar más rud é nach gcloítear leis an méid a luaitear thuas.
- Maidir le grúpaí a bhfuil urraíocht á fáil acu ó chuideachtaí deochanna meisciúla, ní foláir dóibh an chuid áirithe sin dá gclár atá faoi urraíocht a chur in iúl don Oifig Ealaíon agus ní foláir dóibh ráitis a thabhairt don Oifig Ealaíon faoina mbeartais i ndáil leis an mbaol ólacháin faoi aois, agus i ndáil leis an rialú ina thaobh sin, agus i ndáil leis an iompar freagrach.
- Breathnaíonn an t-údarás áitiúil ar an iarratasóir rathúil mar an bpríomhfhaighteoir ealaíonta agus, dá bhrí sin, ní thacóidh an t-údarás áitiúil le haon mhaoiniú tánaisteach (is é sin, ón bhfaighteoir do charthanas i leith ócáide chun airgead a thiomsú nó d’aonán neamhshonraithe tráchtála). Chomh maith leis sin, má chuirtear maoiniú faighte d’ócáid ealaíonta i dtreo ócáid charthanachta – déanfar an maoiniú úd a chailliúint.
- Má tá tú ag plé le daoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, ní foláir duit cóip de do Bheartas um Chosaint Leanaí a chur faoinár mbráid i bhfoirm dhigiteach.
- Lena chois sin, ní foláir duit ráiteas a thiomsú i dtaca le Daoine Fásta Leochaileacha má tá tú ag plé le haon ghrúpa atá faoi chúram carthanais, faoi chúram an Stáit nó atá faoi mhíchumas.
- Is féidir go gcuirfear an maoiniú faoi réir coinníollacha sonracha a leagfar amach sa litir thairisceana.
- Má dhéantar iarratas ar líne, ciallaíonn sé sin go n-aontaíonn an t-iarratasóir le bheith faoi cheangal na gcoinníollacha a bhaineann le riarachán na scéime
- Déan seiceáil freisin ar aon Chritéir Shonracha Deontais maidir le Deontais Chleachtais Ealaíon, mar shampla maidir le Deontas do Bhuíon Drámadóra agus Léiritheora nó Deontas do Bhuíon Scríbhneora Scripte Scannáin agus Léiritheora.
- Má théann tú faoi bhun 50% ar chritéar ar bith, ní bheidh tú i dteideal deontais.
AN SCÓRÁIL
| Sonraí de na hiarratasóirí | uasta 50 |
| Critéar 1 – Sonraí (Togra lena n-áirítear uaillmhian, iarmhairt, feabhas) | uasta 450 |
| Critéar 2 – Forbarthach- forbairt ghairmiúil phearsanta & ghrúpa san áireamh | uasta 100 |
| Critéar 3 – Sonraí an Iarratasóra, Cuntas Teiste srl. | uasta 100 |
| Critéar 4 – Sonraí ar ábharthacht an togra don Straitéis Ealaíon 2016-2021 | uasta 150 |
| Critéar 5 – Sonraí ar ionrachas airgeadais, rialachas agus indéantacht do thogra | uasta 150 |
| UASMHÉID IOMLÁN | 1000 |
NA CRITÉIR MAIDIR LE hÍOSTARRAINGTÍ AR DHEONTAIS
Ní foláir an t-imeacht nó an clár dar sannadh an maoiniú a bheith curtha i gcrích
Is gá duit iarratas a chur isteach chun an deontas a tharraingt anuas agus ní foláir nó go gcuimseoidh an t-iarratas sin na nithe seo a leanas:
Tuairisc Iar-Imeachta chun na ceannteidil seo a leanas a chlúdach:
-
- Sonraí den tionscadal nó den chlár
- An Líon Freastail lena n-áirítear an líon cuairteoirí (má bhaineann gné phoiblí leis an tionscadal)
- Barúil Ghinearálta a chuimseodh réimsí ina raibh rath ar an obair agus réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí
- Líne ag deimhniú nár cuireadh aon chuid de na fáltais i dtreo imeacht carthanachta
- Barúil ar inbhuanaitheacht airgeadais an tionscadail/imeachta nó ar thairbhí fadtréimhseacha an tionscadail/imeachta
- Íomhánna oifigiúla an imeachta ar féidir le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge feidhm a bhaint astu chun an Chathair agus an Contae a chur chun cinn
- (Má shonraítear i bpróiseas an iarratais é) Fianaise ar chaiteachas dearbhaithe arb ionann é agus méid an deontais
- Fianaise gur deineadh earraí agus seirbhísí a sholáthar ar mhodh cothrom trédhearcach (mar shampla luachana maidir le seirbhísí)
- Fianaise gur taispeánadh lógónna Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ar gach ábhar clóite agus gur tugadh aitheantas don Chomhairle ar láithreáin ghréasáin an imeachta agus ar na meáin shóisialta
- Fianaise ar a bheith san áireamh waterfordarts.com (is fút féin atá sé é a chur chuig an láithreán gréasáin sin)
- Má bhain gné phoiblí le do thionscadal, fianaise air gur thug tú cuireadh d’ionadaí na hOifige Ealaíon agus don Mhéara ábhartha.
- Fianaise ar a bheith ar fáil chun labhairt ar dháta comhaontaithe faoi do thionscadal/chlár nó faoi thionscadal/chlár d’eagraíochta.
- Caithfear tuairisc ó Chara Criticiúil a sholáthar maidir le deontais os cionn €1,500 (tuairisc ó phiara cairdiúil cáilithe maille le barúlacha an duine sin ar an imeacht nó ar an gclár)
- Má tá €9,500 nó os a chionn sin á fháil agat go hiomlán ó na foinsí rialtais ar fad, ní foláir duit Uimhir Thagartha Chánach, atá bailí faoi láthair nó cothrom le dáta, a sholáthar.
Buiséid agus Cuntais
- (I dtaca le Deontais suas le €3,000: ní foláir cuntais scarbhileoige, agus cóipeanna d’admhálacha mar thaca leo, a chur ar fáil. I dtaca le Deontais os cionn €3,000: ní foláir cuntais eatramhacha scarbhileoige, agus cóipeanna d’admhálacha mar thaca leo, a chur ar fáil, móide cuntais iomlána le soláthar i ndeireadh na bliana dtaca le Deontais d’aon mhéid a dheonaítear do Chuideachtaí nó d’eagraíochtaí foirmiúla (mar shampla comhlachtaí faoi dhliteanas teoranta): ní foláir cuntais eatramhacha scarbhileoige, agus cóipeanna d’admhálacha mar thaca leo, a chur ar fáil, móide cuntais iomlána le soláthar i ndeireadh na bliana airgeadais).
TOILIÚ LE SONRAÍ PEARSANTA A PHRÓISEÁIL (RIALACHÁN GINEARÁLTA MAIDIR LE COSAINT SONRAÍ – RGCS/GDPR)
Mar chuid de phróiseas an iarratais i dtaca leis na Deontais Ealaíon, iarrtar ort sonraí pearsanta amhail Ainm, Seoladh, Uimhreacha Teagmhála Gutháin agus Ríomhphost, a chur ar fáil. Trí phróiseas an iarratais a chur i gcrích, tá tú ag toiliú leis go mbainfidh foireann Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge feidhm as na sonraí pearsanta seo chun na gcríoch seo a leanas:
- Breithniú ar d’iarratas
- Moltaí maoiniúcháin ar bhonn d’iarratais
- Na meáin a chur ar an eolas (ní dheintear é seo ach má éiríonn le d’iarratas)
- Comhfhreagras a dhéanamh leat faoi thoradh d’iarratais.
CEISTEANNA COITIANTA (déanfar uasdátú orthu seo ar waterfordarts.com)
Cé mhéid airgid atá ar fáil do na Deontais Chleachtais Ealaíon go léir sa bhliain 2025
- Tá suim iomlán €110,000 ar fáil chun na deontais ealaíon go léir a chlúdach.
Cé mhéid airgid ar cheart dom iarratas a dhéanamh air?
- Ba cheart duit a chinntiú go mbeifeá in acmhainn do thogra a dhéanamh ar aon chuma – Is ann do Dheontais Chleachtais Ealaíon chun é a chur ar do chumas an tionscadal a thabhairt chun bailchríche.
- Ós rud é gur maoiniú teoranta iomaíoch atá i gceist, beidh na moltóirí ag féachaint le Luach ar Airgead chomh maith le caighdeán agus Uaillmhian.
- Is é an t-uasmhéid maidir le Deontais Chleachtais Ealaíon ná €4,000. Ach d’fhéadfadh sé seo ardú go dtí €8,000 i gcás clár ealaíona curtha i gcrích ag eagraíocht ghairmiúil ealaíon.
- Is iondúil go mbíonn tionscadail cheoil e.g. taifeadadh, foilsitheoireacht, vinil srl suas le €2,000.
- Tá méideanna sonracha nó méideanna ginearálta sannta do dheontais áirithe – déan seiceáil chun féachaint an bhfuil méideanna táscacha bainteach leis an deontas.
Cathain ba cheart iarratas a dhéanamh?
- Moltar duit iarratas a dhéanamh go luath – b’fhearr faoi lár Mheán Fómhair. Tharla sé roimhe seo gur chaill roinnt iarratasóirí an spriocdháta mar gheall ar fhadhbanna le bandaleithead idirlín. Chun a bheith sábháilte, déan d’iarratas roimh an spriocdháta – 3 Deireadh Fómhair 2025 ag 4 i.n.
Cathain a bheadh a fhios agam faoi cé acu a d’éirigh nó nár éirigh liom?
- Má bhíonn gach rud i gceart – sa chás go n-éiríonn leat is cóir go mbeidh tú in ann seiceáil a dhéanamh ar waterfordarts.com i dtreo dheireadh Mhí na Nollag. Sin ráite, d’fhéadfadh go mbeadh moill ar fhógairt an mhaoinithe de bharr phríorachtaí Náisiúnta nó Rialtais Áitiúil. Tríd is tríd, ba chóir go gcuirfear amach na litreacha le Téarmaí agus Coinníollacha i dtosach Mhí Eanair 2025.
Cad a tharlaíonn mura bhfaighim an méid a d’iarr mé?
- Tríd an litir leis na Téarmaí agus na Coinníollacha, beidh an deis agat ceachtar den dá rud seo a leanas a dhéanamh:
- comhfhreagras a chur chugainn faoin gcaoi a mbeartóidh tú feidhm a bhaint as an méid laghdaithe
- nó féadfaidh tú an deontas a dhiúltú.
Cad a tharlaíonn mura n-éiríonn liom?
- Ar an drochuair, ní hann d’aon phróiseas achomhairc – is féidir leat comhairle a fháil, áfach, i dtaca le hiarratais sa todhchaí trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifig Ealaíon.
Cén áit ar féidir foirm a fháil chun í a líonadh le peann?
- Tá brón orainn ach níl ach foirm ar líne le fáil.
Cé a dhéanann na moltaí don Chomhairle faoi cé hiad na na daoine a n-éiríonn nó nach n-éiríonn leo?
- Painéal neamhspleách bhreithniúcháin agus í comhdhéanta d’ealaíontóirí, de chleachtóirí ealaíon, de riarthóirí ealaíon, ag fáil comhairle ón mbeirt oifigeach ealaíon agus faoi chathaoirleacht (más gá) cheannasaí Roinn an Chultúir nó faoi chathaoirleacht ionadaí an cheannasaí sin.
Cad a tharlaíonn, i ndiaidh iarratais rathúil, má chuireann COVID-19 nó géarchéim eile dá leithéid isteach ar an gclár a bhíonn beartaithe againn, ansin an mbeidh mé in ann fós íocaíocht an deontais a tharraingt anuas?
- Bheimis ag súil leis go ndéanfá teagmháil linn faoi phleananna malartacha chun do chlár a chur i gcrích. D’fhéadfadh sé seo clár ar líne a chuimsiú nó moill a chur ar an gcuid dheireanach den chúram go dtí an bhliain 2026.
Cén chomhairle a d’fhéadfá a chur orm chun cabhrú liom an fhoirm ar líne a líonadh?
- Féach ar an bhfoirm agus léigh í – ansin aibhsigh é agus cóipeáil agus greamaigh é i gcáipéis nua ar do ríomhaire/thaibléid/ghutháin/ghléas – ansin tabhair d’aghaidh ar an obair ó thaobh an t-eolas riachtanach a fháil roimh duit cromadh ar an bhfoirm féin a líonadh isteach ar líne.
An bhfuil aon chomhairle eile a fhéadfaidh tú a thabhairt dom?
- Tabhair creidiúint fíorasach duit féin – tabhair samplaí iontacha d’obair atá déanta agat roimhe seo (cuimhnigh gur dlúthchuid é seo den bproiséas moltóireachta). Bí uaillmhianach ó thaobh na cruthaitheachta, oibrigh le healaíontóirí eile, dein rud atá as an gcoitiantacht. Thairis sin, foghlaim conas úsáid a bhaint as scarbhileoga agus cairteacha Gantt i d’iarratas. Agus ná déan dearmad… cuir sleachta díreacha as na codanna ábhartha den phlean ealaíon le tacú le d’iarratas!”
Seachas an méid sin, aon rud eile?
- Bí réasúnta faoi d’ionchais agus faoi d’iarratais ina dhiaidh sin (is é ár mbuiséad iomlán do na Deontais Chleachtais Ealaíon ná €110K. Sin an méid chun freastal ar dhaonra os cionn 120,000 duine). Ina theannta sin… agus tá drogall orm é seo a lua agus táim in amhras an smaoineodh éinne ar a leithéid ach ná dein iarracht ar stocaireacht a dhéanamh i gcomhair do chláir nó do thionscadail (b’fhéidir go ndícháileofaí thú)… is lándlisteanach ceisteanna a chur tríd an ríomhphost, áfach – féach thíos.
Cad a tharlaíonn má bhíonn ceist agam faoin iarratas ar líne?
- Cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig conornolan@waterfordcouncil.ie le “Ceist faoi Dheontas” sa bhosca ábhair. Déanfaidh duine éigin teagmháil leat laistigh de 48 n-uaire an chloig (Mar sin, ná cuir siar do cheist go dtí an lá deireanach!).
An bhfuil cead agam léim thar míreanna den fhoirm más dóigh liom dáiríre nach mbaineann siad le hábhar?
- Níl cead. Tá simpliú déanta againn ar an bhfoirm a oiread agus is féidir linn. Má fhágann tú míreanna de phróiseas an iarratais ar lár, cuireann tú thú féin i gcontúirt ó thaobh a bheith dícháilithe nó ó thaobh gan marcanna a thuilleamh i dtaca leis na réimsí sonracha sin.
Cad é an sprioc-am?
- Aoine, 3 Deireadh Fómhair 2025 ag 4 i.n
—o—
TREOIRLÍNTE AR DHEONTAIS THÁSCACHA NA DRÁMAÍOCHTA 2026
Tabhair faoi deara – ní féidir an deontas a tharraingt anuas má tá aon chuid den deontas ag dul i dtreo eagraíocht charthanachta. Deontaítear Deontais Ealaíon i gcomhair chuspóirí ealaíon amháin, seachas aon rud eile.
Drámaíocht Amaitéarach/Ceoldrámaí
- Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil gá againn le deimhniú sínithe ó na drámadóirí / údair nó a ngníomhairí, agus le deimhniú cearta ceoil má tá an dráma nó an ceoldráma foilsithe. Beidh súil againn freisin le cruthúnas íocaíochtaí sna cuntais atá le cur ar aghaidh sa Tarraingt (Drawdown).
-
Léiriú caighdeánach dráma (caithfidh ar a laghad 5 léiriú a bheith ann): €750 – má bhíonn níos lú ná 5 léiriú ann laghdófar an tacaíocht ar bhonn pro-ráta.
-
Léiriú caighdeánach dráma ar chamchuairt (ar a laghad 5 léiriú móide turas go trí ionad ar a laghad): €1,500.
-
Léiriú dráma nua le húdar áitiúil (ar a laghad 5 léiriú): €2,000.
-
Léiriú dráma nua ar chamchuairt (ar a laghad 5 léiriú móide turas go trí ionad ar a laghad): €2,500 (suas le 2 dheontas san iomlán sa chatagóir seo).
-
Ceoldráma Amaitéarach + 10% de seo thuas
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach ann do dheontais i leith Scoileanna Ceoil nó Ceoldrámaí Scoile
—o—
Drámaíocht Ghairmiúil
Dráma Caighdeánach nó Séasúr Drámaí – suas le €2,000 (bunaithe ar 4 cinn de thaispeántais iomlána + Réamhléirithe)
Dráma Caighdeánach ar Camchuairt nó Séasúr Drámaí ar Camchuairt – suas le (bunaithe ar 5 cinn de thaispeántais iomlána + Réamhléirithe in aghaidh an dráma san ionad tosaigh) móide camchuairt ar thrí cinn d’ionaid ar a laghad suas le €3,500 (Tá suas le dhá dheontas ar fáil chuige seo)
Drámaí Pobail nó drámaí faoi thiomáint saincheiste sóisialta (3 cinn de thaispeántais iomlána ar a laghad) Suas le €1,250
Féach ar dheontais do Dhrámadóirí agus d’Fhoireann Léiritheoirí le haghaidh scríbhneoireacht nua.
—o—
DEONTAIS D’EALAÍONTÓIRÍ TUAITHE
Is éard is cuspóir le forbairt na nEalaíon Tuaithe ná deimhin a dhéanamh d’insroichteacht na n-ealaíon d’ealaíontóirí agus do lucht féachana/éisteachta agus sainaithníodh é seo mar riachtanas sonrach i Straitéis Ealaíon Chathair agus Chontae Phort Láirge 2016-2021.
- Breithneofar tionscadail nuálacha in aon fhoirm ealaíne. Spreagtar moltaí ó bhailtí nó ó ghrúpaí ealaíontóirí gairmiúla i dtreo tionscadal.
- Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhféadfar breithniú a dhéanamh ar thionscadail a dhíreofar ar ghnáth-aschur grúpaí nó ar aschur leanúnach grúpaí atá ann cheana.
Déan iarratas faoin ngnáthphróiseas ach cuir “Deontas d’Ealaíontóir Tuaithe” mar bhrollach le do thogra.
Saindeontais
Buíon Drámadóra & Léiritheora
Scéim dhá chéim is ea an scéim seo agus tá sí ina cuid de Chlár Amharclannaíochta na Seirbhíse Ealaíon.
Féachaimid ar an scéim seo mar chomhpháirtíocht idir Drámadóir agus Léiritheoir agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge sa tsúil go spreagfar drámaíocht den scoth agus maoiniú ón taobh amuigh.
Bunaítear an scéim ar thrí dhearbhphrionsabal:
- Canóin nua drámaí de chuid an Oirdheiscirt a shaothrú
- Drámadóirí de chuid an Oirdheiscirt a chumasú agus a chumhachtú
- Spreagadh a thabhairt do nua-fhiontraithe ealaíon (léiritheoirí)
An chéad chuid Buíon Drámadóra & Léiritheora (lena ngabhann suim is fiú suas le €1,750) – soláthróidh na hiarratasóirí an méid seo a leanas:
- Achoimre ghairid ar an tionscadal molta
- Radharc samplach as saothar nua
- Mionachoimre agus plota
- Téama(í)
- Liosta carachtar (mar aon le nótaí)
- Suíomh bunúsach stáitse
- CV ábhartha ina léirítear saothar cruthaitheach roimhe seo
- Comhaontú le duine nó grúpa a dhéanfaidh an léiriú, lena n-áireofar tráthchlár oibre i dtaca le críochnú na scripte
Déanfar breithiúnas ar na hiarratais seo ar bhonn fiúntais, agus tabharfar tús áite do dhrámaí a bheidh lonnaithe i bPort Láirge nó san Oirdheisceart, nó ina gcuimseofar saincheisteanna a bhainfidh le hábhar maidir le Port Láirge nó maidir leis an Oirdheisceart. Déanfar coimisiúnú ar suas le trí cinn de scripteanna
An dara cuid Buíon Drámadóra & Léiritheora (Fiú suas le €1,000 breise do léamh cleachtaithe nó €2,000 i dtreo léiriú iomlán in 2026).
Tar éis chríochnú na scripte agus tar éis cruinnithe leis an Oifigeach Ealaíon is freagrach as an Amharclannaíocht, caithfidh an bhuíon chruthaiteach an méid seo a chur ar fáil:
- léamh cleachta a bheidh pleanáilte i gcomhairle leis an tSeirbhís Ealaíon (molaimid go ndéanfar grúp-léamh ionas go bhféadfaimid iarraidh ar bhainisteoirí ionaid a bheith i láthair) nó comhaontú le ionad/ionaid go raghfar faoi lánseol
- seift ina mbeidh togra costáilte buiséadaithe i dtaca le sceideal cleachtaí agus arb é an toradh leis sin ná buiséad agus beart costáilte maidir le sraith a mhairfidh sé lá (ní bheidh gá leis seo más rud é go mbeifear ag dul faoi lánseol)
- plean molta margaíochta lena n-áireofar buiséad agus sceideal
Tabhair faoi deara:
Forchoimeádann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, trína Seirbhís Ealaíon, an ceart chun 1% de Dhleachtanna ó dhrámaí a léirítear tríd an scéim seo. Bainfear feidhm as seo chun críche cnuasach drámaí ón scéim a fhoilsiú lá éigin is faide anonn.
Forchoimeádann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, trína Seirbhís Ealaíon, an ceart chun drámaí, a bhíonn próiseáilte tríd an scéim seo, a fhoilsiú. Amach ón dá chlásal seo – leanfaidh an Drámadóir de na cearta go léir maidir le léiriú taispeántais a shealbhú. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar an deontas seo tá tú ag aontú leis na clásail seo.
Baineann an deontas seo go heisiach lena chuspóir agus ní féidir é a úsáid in éineacht le hiarratas eile (mar shampla, ní bheidh tú intofa chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú eile ar mhodh deontais chleachtais ealaíon i dtaca leis an dráma céanna).
Buíon Scríbhneora Scripte Scannáin agus Léiritheora
Scéim dhá chéim is ea an scéim seo – comhpháirtíocht idir Scríbhneoir Scripte Scannáin agus Léiritheoir agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge sa tsúil go ndéanfar scannáin den scoth agus go spreagfar a thuilleadh maoiniúcháin i leith an tionscadail.
Bunaítear an scéim ar cheithre dhearbhphrionsabal:
- Canóin nua scannán de chuid an Oirdheiscirt a shaothrú
- Spreagadh a thabhairt do léiriú na scannán ar bhonn áitiúil
- Scríbhneoirí Scripte Scannáin de chuid an Oirdheiscirt a chumasú agus a chumhachtú
- Spreagadh a thabhairt do nua-fhiontraithe ealaíon (léiritheoirí)
An chéad chuid Buíon Scríbhneora Scripte Scannáin & Léiritheora
Lena ngabhann suim is fiú thart ar €750. Ní foláir do na hiarratasóirí an méid seo a leanas a sholáthar i dteannta a n-iarratais:
- Achoimre ghairid ar an tionscadal molta, lena n-áireofar an bunsmaoineamh a chur i láthair i dtrí abairt
- Mionachoimre agus plota
- Téama(í)
- Liosta carachtar (mar aon le nótaí)
- Suíomhanna bunúsacha láithreacha
- CV ábhartha ina léirítear saothar cruthaitheach roimhe seo
- Comhaontú le duine nó grúpa a dhéanfaidh an léiriú, lena n-áireofar tráthchlár oibre i dtaca le críochnú na scripte
Ansin roghnófar suas le cúigear iarratasóirí chun iarratas a chur faoinár mbráid i dtaca leis an dara cuid.
An dara chuid Buíon Scríbhneora Scripte Scannáin & Léiritheora (Is fiú thart ar €7,500 an ceann)
Tabharfar cuireadh ansin do na hiarratasóirí rathúla ón gcéad chuid dul san iomaíocht le haghaidh suas le dhá dheontas a gheobhaidh, seachas an tacaíocht airgeadais, sparánacht ó Ionad Scannán Phort Láirge a chuimsíonn 7 lá ar cíos saor ó threalamh.
Beidh Seirbhís Ealaíon Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag súil ina leith leis an méid seo a leanas:
- Script chríochnaithe chríochnúil
- Script scannánúcháin
- Scéalchláir Bhunúsacha
- Liosta Láithreacha agus Suiteálacha
- Buiséad mionsonraithe lena n-áirítear na híocaíochtaí go léir agus na síntiúis eile agus an urraíocht ‘chomhchineáil’
- CV do gach príomhaí agus tallann san áireamh
- Liosta trealaimh atá de dhíth
- Do Rogha Tráthchlár (caithfidh sé seo dátaí a chuimsiú chun an deontas a tharraingt anuas)
- Comhaontú chun pictiúir bholscaireachta a sholáthar ón bpríomhscannánaíocht
Ina dhiaidh seo, féadfar suas le dhá léiriú a roghnú. Tabharfar íocaíocht nuair a bheidh an scannán críochnaithe nó i gcéimeanna de réir mar a chomhaontófar.
CEARDLANN DO Dheontais Chleachtais Ealaíon
Reáchtálfar ceardlann ar an láthair d’iarratasóirí atá ag smaoineamh ar chur isteach ar an nDeontas um Chleachtas Ealaíon i nGailearaí Ealaíne Phort Láirge, Sráid Uí Chonaill, Cathair Phort Láirge an 16 Meán Fómhair 2025 ag 11am. Ní gá clárú roimh ré.
Cliceáil anseo le haghaidh Iarratais Cleachtais Ealaíon & Deontais Speisialtóra.
