TÁ IARRATAIS AR OSCAILT ANOIS LE hAGHAIDH DEONTAIS CHLEACHTADH NA nEALAÍON AGUS IONAID EALAÍON 2019

Deontais Ealaíon Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

Spriocam: Dé Luain, an 1 Deireadh Fómhair – 4pm.

Tá maoiniúchán suntasach leithroinnte ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge chun Deontais maidir le Cleachtadh Ealaíon, Ionaid Ealaíon agus Féilte Ealaíon a sholáthar mar chuid den tacaíocht a thugann an Chomhairle d’fhorbairt na n-ealaíon sa Chathair agus sa Chontae sa bhliain 2019.

piano-day
Lá Pianó 2018 i gCearnóg Sheáin Roibeird

Anseo thíos tá mionsonraí le fáil faoi na Deontais le haghaidh Cleachtadh Ealaíon agus Ionaid Ealaíon. Tá na deontais ealaíon ina gcuid an-tábhachtach de Straitéis Ealaíon Chathair agus Chontae Phort Láirge 2016 – 2021 – “Comhfhís do na hEalaíona i bPort Láirge”: Arts Strategy Passed by Council Sept 08 2016 – agus baineann siad go dlúth leis na gníomhartha iomchuí faoi na trí théama a chuimsítear sa straitéis sin:

  • Rannpháirtíocht & Rochtain
  • Tacaíocht d’Ealaíontóirí
  • Féiniúlacht agus Áit

Molaimid duit an straitéis sin a léamh lena fháil amach ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh i dtaobh conas a oireann do thionscadal di.

Tá struchtúr na ndeontas le haghaidh Chleachtadh na nEalaíon i gcomhréir leis an Acht Ealaíon 2003. Tá na deontais seo ann chun maoiniúchán a chur ar fáil do thionscadail agus do chláir ealaíon a chomhlánaíonn na cuspóirí seo a leanas:

  • Spéis an phobail sna hEalaíona a spreagadh
  • Eolas agus tuiscint ar na healaíona, agus cleachtadh na n-ealaíon, a chur chun cinn, nó
  • Feabhas a chur ar chaighdeáin i réimse na n-ealaíon

San Acht, cuimsíonn an míniú ar na healaíona péintéireacht, dealbhóireacht, ailtireacht, ceol, scannánaíocht, drámaíocht, damhsa, litríocht, dearthóireacht sa réimse tionscail, na mínealaíona agus ealaíona feidhmeacha i gcoitinne.

Déantar iarratais ar dheontais le haghaidh Chleachtadh na nEalaíon a bhreithniú trí bhíthin próiseas comórtais. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar líne ón Aoine, an 24 Lúnasa 2018, agus is é an dáta deiridh maidir le hiarratais a fháil Dé Luain, an 1 Deireadh Fómhair 2018 ar 4pm.

Is iad seo a leanas na cúig dheontas atá ar fáil faoin Acht Ealaíon:

  • Deontais do Ghrúpaí Deonacha/Amaitéaracha
  • Deontais do Thionscadail Ghairmiúla
  • Deontais d’Ealaíontóirí Tuaithe
  • Drámadóirí & Foireann Léiriúcháin
  • Scríbhneoirí Scripte Scannáin & Foireann Léiriúcháin

AN PRÓISEAS IARRATAIS

Ar mhaithe le soiléire, táimid ag feidhmiú de réir na dtuiscintí seo a leanas:

  • Deonach/Amaitéarach: Grúpaí nó Daoine Aonair a ghabhann do ghníomhaíocht ealaíon mar chaitheamh aimsire nó mar ghrá don ealaín, seachas mar ghairm bheatha.
  • Gairmiúil: Compántais/Daoine Aonair/Comharghrúpaí a ghabhann do ghníomhaíocht ealaíon mar fhoinse slí maireachtála agus arb iad an príomhphearsanra iad i ndáil leis an bpróiseas as a leanann saothar ealaíne.
  • Eagraíochtaí Ealaíon: Eagraíocht ghairmiúil ealaíon neamhbhrabúis a dhíríonn ar ghníomhaíochtaí gairmiúla ealaíon (e.g. i réimsí na hAmharclannaíochta, na Scannánaíochta) nó a úsáideann cleachtadh gairmiúil ealaíon i suíomh pobail nó sóisialta (e.g. Ealaíona Óige, Ealaíona sa Réimse Sláinte)

Sula ndéantar iarratas, iarrtar ort na TREOIRLÍNTE MAIDIR LE DEONTAIS EALAÍON PHORT LÁIRGE 2019  a léamh.

—o0o—

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge faoi na cláir seo a leanas:

Deontais Ealaíon do Ghrúpaí Deonacha/Amaitéaracha

orchestra
Ceolchoirm Thráthnóna leis an Barrack Street Band

Baineann na deontais seo leis an réimse Deonach/Amaitéarach ina n-áirítear, mar shampla, Bannaí Máirseála, Eagraíochtaí Drámaíochta Amaitéaraí, Cóir thuata, Comharchumainn Amaitéaracha Amharc-Ealaíona, soláthróirí deonacha ceolchoirmeacha, Grúpaí Scríbhneoirí Amaitéaracha etc. Tugtar na deontais seo i leith tionscadail shonracha ealaíne le gur féidir iad a chur ar taispeáint don phobal agus tugtar tús áite do thionscadail den chineál seo a leanas:

  • tionscadail ina bhfostaítear ealaíontóirí/oibrithe/teicneoirí gairmiúla chun feabhas a chur ar cháilíocht an aschuir
  • tionscadail ina n-úsáidtear ionchur cruthaitheach áitiúil (amhail dráma nua le scríbhneoir áitiúil)
  • tionscadail atá á n-eagrú ag dreamanna a bhfuil iomrá orthu maidir le feabhas a saothair
  • tionscadail trína gcruthaítear naisc leis an gCathair agus leis an gContae

Más grúpa deonach/amaitéarach amharclannaíochta atá i gceist, tabhair do d’aire, le do thoil, gur ceart Na Treoirlínte maidir le deontais tháscacha le haghaidh Drámaíochta 2019  a léamh (ó tharla gur próiseas comórtais é seo agus nach bhfuil aon ráthaíocht ann i leith maoiniúchán a fháil). Tabhair do d’aire, freisin, le do thoil, nach mbaineann na deontais seo le cúrsaí riaracháin ná le himeachtaí a bhí ann san am atá caite. (Léigh Treoirlínte 2019 sula ndéantar iarratas.)

Foirm Iarratais ar Dheontas

(San 1ú bosca anuas, roghnaigh “Deonach/Amaitéarach”.

Sa 3ú bosca roghnaigh “Deonach/Amaitéarach” freisin)

Deontais do Thionscadail Ghairmiúla

Baineann na deontais seo le réimse na nEalaíon Gairmiúil, lena n-áirítear eagraíochtaí gairmiúla ealaíon, cuideachtaí seirbhíse ealaíne, ealaíontóirí gairmiúla agus ealaíontóirí gairmiúla ag obair i gcomhar lena chéile. Tugtar na deontais seo i leith tionscadail shonracha ealaíne le gur féidir iad a chur ar taispeáint don phobal. Tugtar tús áite do thionscadail den chineál seo a leanas:

  • saothair chruthaitheacha nua
  • cineálacha agus cleachtais ealaíne de chineál nua agus de chineál atá ag teacht chun cinn
  • tionscadail chomhoibríocha
  • tionscadail trína gcruthaítear naisc leis an gContae agus leis an gCathair

Tabhair do d’aire, le do thoil, nach mbaineann na deontais seo le cúrsaí riaracháin ná le himeachtaí a bhí ann san am atá caite. Má tá an togra bunaithe ar ghníomhaíocht amharclainne, is ceart Na Treoirlínte maidir le deontais tháscacha le haghaidh Drámaíochta 2019 a léamh (Is ceart na TREOIRLÍNTE MAIDIR LE DEONTAIS EALAÍON PHORT LÁIRGE 2019 a léamh freisin sula ndéantar iarratas).

Foirm Iarratais ar Dheontas

(San 1ú bosca anuas, roghnaigh “Comharghrúpa Gairmiúil” nó “Eagraíocht Ealaíon”.

Sa 3ú bosca, roghnaigh “Deontas do Thionscadal Gairmiúil”)

Deontais d’Ealaíontóirí Tuaithe

Tá forbairt á déanamh ar réimse na nEalaíon Tuaithe chun a chinntiú go mbíonn rochtain ar na healaíona ag ealaíontóirí agus ag lucht féachana/éisteachta. Sainaithníodh an t-ábhar seo mar riachtanas sonrach i Straitéis Ealaíon Chathair & Chontae Phort Láirge 2016-2021.

Is é atá beartaithe faoin scéim deontas seo ná tograí a chomhlíonfaidh an oibleagáid sin a lorg.

Déanfar breithniú ar thionscadail nuálacha a bhaineann le haon chineál ealaíne. Tugtar spreagadh i leith aighneachtaí ó chomharghrúpaí/ghrúpaí ealaíon gairmiúla

Ní féidir tionscadail a dhíríonn ar ghnáth-aschur, nó ar aschur leanúnach, grúpaí atá ann cheana féin a bhreithniú faoin scéim seo.

(TREOIRLÍNTE MAIDIR LE DEONTAIS EALAÍON PHORT LÁIRGE 2019)

Foirm Iarratais ar Dheontas

(San 1ú bosca anuas, roghnaigh “Comharghrúpa Gairmiúil” nó “Eile” agus comhlánaigh an bosca atá ann faoi sin.

Sa 3ú bosca, roghnaigh “Deontas d’Ealaíontóir Tuaithe”)

Deontais do Dhrámadóirí & d’Fhoirne Léiriúcháin (Amharclann)

pulled
Rinneadh ‘Pulled’ le Niamh Moroney a léiriú in éineacht le Central Arts and Devious Theatre agus le deontas Drámadóra & Foirne Léiriúcháin.

Tá an scéim deontais dhá chéim seo ina cuid de Chlár Amharclannaíochta na Seirbhíse Ealaíon. Dar linn, is comhpháirtíocht é seo idir Drámadóir agus Léiritheoir agus Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus táthar ag súil go spreagfar drámaíocht shármhaith agus maoiniúchán ó fhoinsí seachtracha.

Tá an scéim bunaithe ar thrí chuspóir:

  • Canóin nua drámaí de chuid an Oirdheiscirt a bhunú
  • Drámadóirí de chuid an Oirdheiscirt a chumasú agus a chumhachtú
  • Spreagadh a thabhairt d’fhiontraithe ealaíon nua (léiritheoirí)

Maidir leis an gcéad chéim den scéim (lena ngabhann suim suas go €1,500), iarrtar ar iarratasóirí an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  1. Radharc samplach ó shaothar nua
  2. Mionachoimre agus plota
  3. Téama(í)
  4. Liosta carachtar (mar aon le nótaí)
  5. Cóiriú bunúsach an stáitse
  6. CV iomchuí ina leagtar amach saothair chruthaitheacha roimhe seo
  7. Comhaontú le duine nó le grúpa a dhéanfaidh an léiriú, lena n-áirítear clár ama i leith an script a chríochnú

Déanfaidh painéal cleachtóirí amharclannaíochta meastóireacht ar na hiarratais, de réir a dtuillteanas, agus tabharfar tús áite do dhrámaí atá lonnaithe i bPort Láirge nó san Oirdheisceart nó a chlúdaíonn saincheisteanna a bhfuil baint acu le Port Láirge nó leis an Oirdheisceart. Déanfar suas go trí script a choimisiúnú agus gabhfaidh luach €1,500 le gach coimisiún ar leith – déanfar íocaíocht tar éis an script chríochnaithe a fháil.

Maidir leis an dara céim, ar fiú suim suas go €1,500 í, tar éis an script a chríochnú agus tar éis cruinnithe leis an Oifigeach Ealaíon ar a bhfuil freagracht i ndáil le hAmharclannaíocht, ní mór don mheitheal chruthaitheach an méid seo a leanas a sholáthar:

  1. léamh cleachtach a phleanáiltear i gcomhairle leis an tSeirbhís Ealaíon (Molaimid grúp-léamh a dhéanamh le gur féidir linn a iarraidh ar bhainisteoirí ionaid a bheith i láthair)
  2. togra buiséadaithe costáilte le haghaidh sceideal cleachtaí, mar ullmhúchán i leith togra le haghaidh buiséid agus costáil maidir le sraith sé thaibhiú
  3. plean beartaithe margaíochta, lena n-áirítear buiséad agus sceideal

Tabhair do d’aire, le do thoil:

  • Trína Seirbhís Ealaíon, forchoimeádann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ceart chun 1% de na Ríchíosanna ó dhrámaí a léirítear tríd an scéim seo (i gcás ina n-iarrtar amhlaidh, agus sa chás sin amháin). Bainfear úsáid as sin chun cnuasach drámaí a éiríonn as an scéim a fhoilsiú ar dháta is faide anonn.
  • Trína Seirbhís Ealaíon, forchoimeádann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ceart chun drámaí a phróiseáiltear tríd an scéim seo a fhoilsiú. Leanfaidh an Drámadóir de na cearta go léir maidir le léiriú taibhiúcháin a shealbhú. Trí iarratas a dhéanamh ar an deontas seo comhaontaíonn tú leis na clásail seo.

Foirm Iarratais ar Dheontas

(San 1ú bosca anuas, roghnaigh “Comharghrúpa Gairmiúil”.

Sa 3ú bosca, roghnaigh “Drámadóir/Foireann Léiriúcháin”)

Deontas do Scríbhneoir Scripte & d’Fhoireann Léiriúcháin (Scannán)

dreamboat-productions
Dara agus Evin O’Neil as Dreamboat Productions le linn première Spook in Ionad Ealaíon Garter Lane. Forbraíodh Spook le cabhair ón tSeirbhís Ealaíon

Tá dhá chéim ann sa scéim deontais seo – is comhpháirtíocht í idir Scríbhneoir Scripte agus Léiritheoir agus Comhairleoir Cathrach & Contae Phort Láirge agus táthar ag súil go ndéanfar scannáin den scoth agus go spreagfar maoiniúchán breise i gcomhair an tionscadail.

Tá an scéim bunaithe ar cheithre chuspóir:

  • Canóin nua scannán de chuid an Oirdheiscirt a bhunú
  • Spreagadh a thabhairt i leith léiriú áitiúil scannán
  • Scríbhneoirí Scripte de chuid an Oirdheiscirt a chumasú agus a chumhachtú
  • Spreagadh a thabhairt d’fhiontraithe ealaíon nua (léiritheoirí)

Sa chéad chéim, ní mór d’iarratasóirí an méid seo a leanas a thíolacadh in éineacht lena n-iarratas:

  1. ‘Cur i láthair’ ina bhfuil trí abairt ar a mhéad
  2. Mionachoimre agus plota
  3. Téama(í)
  4. Liosta carachtar (mar aon le nótaí)
  5. Na suíomhanna bunúsacha a bheidh ann
  6. CV-anna iomchuí ina leagtar amach saothair chruthaitheacha roimhe seo
  7. Comhaontú le duine nó le grúpa a dhéanfaidh an léiriú, lena n-áirítear clár ama i leith an script a chríochnú
  8. Ní mór don iarratasóir a bheith ar fáil le haghaidh agallamh teileafóin nó le hagallaimh i bpearsa

Roghnófar suas go cúigear iarratasóirí ansin agus iarrfar orthu a script scannáin iomlán a thíolacadh agus tabharfar €250 do gach iarratasóir ar leith díobh sin.

Iarrfar ar an gcúigear iarratasóirí dul san iomaíocht ansin le haghaidh trí dheontas ar fiú €3,500 an ceann iad móide sparánacht Waterford FilmLAB/Waterford Film Centre ina gcuimsítear trealamh saor ó chíos ar feadh 10 lá agus úsáid sraith eagarthóireachta as líne ar feadh 7 lá.

Chuige sin, beidh Seirbhís Ealaíon Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag súil leis an méid seo a leanas:

  • Buiséad mionsonraithe, lena n-áirítear gach íocaíocht agus gach ranníocaíocht eile agus urraíocht ‘chomhchineáil’
  • Suíomhanna agus Leaganacha Amach
  • Scéalchláir bhunúsacha
  • Script scannánaíochta
  • Liosta den trealamh atá ag teastáil
  • An Amlíne atá á moladh (ní mór dátaí maidir le tarraingt anuas an deontais a bheith ann)

Ina dhiaidh sin, is féidir trí léiriúchán a roghnú. Déanfar an íocaíocht tar éis an scannán a chríochnú nó ag céimeanna comhaontaithe.

Cliceáil an nasc chun TUILLEADH FAISNÉISE MAIDIR LEIS AN DEONTAS DO SCRÍBHNEOIRÍ SCRIPTE SCANNÁN AGUS D_FHOIRNE LÉIRIÚCHÁIN 2019 maidir le formáidí agus maidir le creidiúnú.

Foirm Iarratais ar Dheontas

(San 1ú bosca anuas, roghnaigh “Comharghrúpa Gairmiúil”.

Sa 3ú bosca, roghnaigh “Scríbhneoir Scripte Scannáin/Foireann Léiriúcháin”)

Ionaid

theatre-royal-stage
Stáitse an Theatre Royal

Tá Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge bródúil as na hionaid a bhfuil cabhair tugtha aici chun iad a fhorbairt. Cé go bhfuil na foirgnimh sin ann go príomha chun saothair chríochnaithe a léiriú agus a chur ar taispeáint, is ceart go mbeifí in ann an t-ionad lena mbaineann mar áit inar féidir saothar nua a thionscnamh. De ghnáth, bíonn foireann bhuan ann in ionaid mhaoinithe cibé acu atá nó nach bhfuil a gcuid spásanna taibhiúcháin/taispeántais ar oscailt. Maidir le hionaid a fhaigheann maoiniúchán ón gComhairle, beifear ag súil go mbainfidh siad an úsáid is fearr agus is féidir as acmhainní tearca agus go gcothóidh siad forbairt tionscadal ealaíon nua inrochtana agus, chomh maith leis sin, go gcothóidh siad forbairt tionscadal de chineál turgnamhach.

I mbliana, tá athrú déanta ag an gComhairle ar an tslí ina ndéanann daoine iarratas ar an gcúnamh deontais. Tríd is tríd, tá an próiseas i gcomhréir le próiseas na Comhairle Ealaíon.  Iarrann an Chomhairle iarratais ó ionaid atá forbartha ar mhaithe le gníomhaíochtaí ealaíne. Tá an fhoirm iarratais i bhformáid Dhoiciméad MS agus ní mór í a chur ar ais mar Dhoiciméad MS. NÍ LEOR PDF/Leagan Scanta/Grianghraf.

Tá cúig chuid ann san iarratas a bhaineann le Maoiniúchán d’Ionaid mar a leanas:

  • An fhoirm iarratais
  • Foirmeacha maidir le Buiséad le haghaidh Gníomhaíochtaí
  • AAR (Gníomhaíochtaí Ealaíon 2019)
  • Tuarascáil ghinearálta aon leathanaigh faoi do chuid gníomhaíochtaí sa bhliain 2018 (rud a bheadh leagtha amach i d’fhoirm iarratais 2019), agus aon saincheisteanna urghnácha á lua.
  • Ábhar tacaíochta, lena n-áirítear do Thuarascáil ó Chara Chriticiúil, agus tiomsaíonn tú an t-ábhar sin agus uaslódálann tú an t-ábhar sin nó seachadann tú é ar an Deasc Seirbhísí Custaiméara, Sráid Nua Bailey, Cathair Phort Láirge, agus IARRATAS AR DHEONTAS D’IONAID faoi chúram Conor Nolan marcáilte air.

Bí cinnte nach mó ná 3Mb méid aon ítim ar leith.

Tabhair do d’aire, le do thoil, gur formáid nua í seo agus go bhfuil sí éagsúil go mór le hiarratais roimhe seo agus go bhféadfadh fadhbanna a bheith ag baint léi ar dtús. Dá bhrí sin, fág neart ama duit féin. Déan teagmháil le Conor Nolan suas go dtí 4pm ar an 28 Meán Fómhair má bhíonn fadhb agat nach féidir leat í a réiteach.

Iarratas ar Mhaoiniúchán d’Ionaid ó Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge 2019: WCCC Venue Funding Application 2019

Foirm maidir le Buiséad Gníomhaíochta (ceann ar leith le comhlánú maidir le gach gníomhaíocht ar leith): Activity Budget Form

AAR d’Ionaid Ealaíon agus Cultúir Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge: AAR for WCCC Arts and Culture Venues

Maoiniúchán i leith Treorach maidir le Lucht Féachana/Éisteachta 2019 (ar mhaithe le méid an lucht/féachana/éisteachta a ríomh): Audience_Guidance_Funding 2019

Íoslódáil na doiciméid go léir, comhlánaigh iad, bailigh an fhaisnéis bhreise go léir agus cuir ar ais í chuig conornolan@waterfordcouncil.ie

Cuir aon doiciméid nach féidir iad a scanadh chuig: An tUas. Conor Nolan, Oifigeach Ealaíon, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, F/C Deasc Cúraim Custaiméirí, Sráid Nua Bailey, Port Láirge.

SPRIOCAM: AN 1 DEIREADH FÓMHAIR AR 4PM.

Má tá fadhbanna agat leis an leathanach seo nó le haon cheann eile de na leathanaigh a bhaineann go díreach leis na hIarratais ar líne maidir le deontais, iarrtar ort an méid sin a chur in iúl dúinn. Comhlánaigh an fhoirm thíos agus déanfaimid ár ndícheall freagra a thabhairt laistigh de 24 huaire an chloig. Mar mhalairt air sin, is féidir glaoch teileafóin a chur ar 0761102983 le linn uaire oifige.

Má tá ceist nó fadhb agat maidir leis an bhfoirm iarratais, iarrtar ort na mionsonraí a chur ar fáil anseo thíos. Is ceart go mbeidh freagra againn laistigh de 48 n-uaire an chloig ar a mhéad.

 

Leave a Reply