OILIÚINT: PROISÉAS IARRATAIS DO DHEONTAIS NUA EALAÍON PHORT LÁIRGE

Tá seisiúin oiliúna eagraithe ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge don bproiséas nua iarratais ar-líne do dheontais ealaíon. Tá athbhreithniú forleathan déanta ar an bproiséas iarratais chun go mbeidh sé ag cloí le paraiméadair na Comhairle nua. Molaimid duit an seisiún is gaire duit a chur in áirithe. Tabhair ríomhaire glúine leat, led’ thoil. Tabhair faoi deara gurb é an 30 Eanáir 2015, ar a 4.00i.n. an spriocdháta d’iarratais ar dheontais. Tá sé riachtanach áit a chur in áirithe – cuir glaoch ar 051 849678 chun d’áit a chur in áirithe.

Oiliúint

  • Cathair Phort Láirge: 16 Nollaig 2014, 2.30i.n.: Foirgneamh na Comhairle: Seomra Bailey (téir isteach tríd an bpríomh-dhoras chuig Halla na Cathrach ar an Meal)
  • Cill Mhic Thomáisín: 7 Eanáir 2015, 2.30i.n.: Leabharlann Chill Mhic Thomáisín
  • Dún Garbhán: 13 Eanáir 2015, 2.30i.n.: Ionad Ealaíon Seanteach an Mhargaidh, Dún Garbhán

Tabhair faoi deara go mbronnfar deontais ar bhonn iomaíoch amháin agus baineann an oiliúint seo leis na deontais seo a leanas amháin:

  • Léiriú Proifisiúnta sa Chomhoibriú Cruthaitheach
  • Léiriú Amaitéarach Ealaíon
  • Léiriú Amaitéarach Ceoil
  • Léiriú Óige/Réamh-phroifisiúnta
  • Clár na mBannaí Máirseála/Ceolchoirme
  • Clár na gCeolchoirmeacha
  • Clár dos na hEalaíona sa tSláinte/Na hEalaíona & Míchumas
  • Clár Ealaíon do Bhunscoileanna (ag taiscéaladh na n-ealaíon)
  • Clár Ealaíon do Chuimsiú Sóisialta na nÓg
  • Clár Ealaíon do Chuimsiú Sóisialta ó Ghlúin go Glúin
  • Scéim do Cheannach Ábhar Foilsithe
  • Scéim do Thacaíocht Tríú Páirtí

 

Tá deiseanna d’Fhorbairt Phroifisiúnta d’Ealaíontóirí clúdaithe anois faoi Artlinks, agus is féidir clárú agus iarratas a chur isteach trí www.artlinks.ie. Ní chlúdófar é seo san oiliúint seo.

Ní bhaineann an oiliúint seo leo siúd atá ag cur isteach ar mhaoiniú Féilte nó ar mhaoiniú Ionaid.

Seiceáil go rialta le waterfordarts.com don eolas is deireanaí.

2 Comments

Leave a Reply